Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Sean scéalta na háite; ag déanamh poitín, ag ithe brachán as tobán amuigh sa chuibhreann. | 00:03:32 | |
Scríobhann Proinsias scéalta do pháipéar áitiúil “Céim Aniar” agus is seo scéal amháin a scríobh sé faoi charr “An Lada” a cheannaigh sé i Leitir Ceannainn. Samhlaíocht. | 00:11:32 | |
Tomhas ag Proinsias – Tháinig sé gan mhothú, rugadh é gan craiceann agus fuair sé bás ag ceol. Cé hé? | 00:00:49 | |
Scéal faoin “Lada” ag leanúint ar aghaidh ón diosca deireanach atá sé ag scríobh fá choinne an pháipéir áitiúla “Céim Aniar”. Tá samhlaíocht iontach ag Proinsias. | 00:15:14 | |
Scéal faoin ghluaisteán An ‘Lada’: scéal faisnéise a chum Proinsias agus chuir sé isteach sa pháipéar áitiúil é “Céim an Fhia”. | 00:10:26 | |
Scéal fá ghunna mór a tógadh ó thóin na farraige cúpla seachtain ó shin, ar bhád a chuaigh go tóin na farraige a bhí sé. Bád a bhí ann a chuaigh go tóin ar chósta Mhálanna, Eanáir 25ú 1917, ag dul ó Liverpool go Halifax a bhí sí. Bhuail sí dhá mianach Gearmánach agus chuaigh sí síos. Bhí 722 duine uirthi agus bádh 354 duine an oíche sin, fuarthas 68 corp. Bhí lasta óir uirthi. Tá sí suite anois ar bharr Chnoc na Muirleog. | 00:07:34 | |